An saol mar a bhí nuair a bhí Éamonn ag éirigh aníos ar an oileán. “Bhí saol maith ag lucht an oileáin.” Tá athrach mór ar shaol an oileáin ó shin. Bhí bia agus ainmhithe acu féin agus ní raibh feidhm dóibh a dhul amach go tír mór iontach minic. Bhí cúpla siopa istigh fosta, thugadh na báid isteach stór tae, plúr agus siúcra sa gheimhreadh, bhí an chuid eile acu féin. Bhí móin bainte acu féin fosta.
00:03:58
Ag fágáil an oileáin: Bhí an t-oileán garbh agus bhíodh eagla ar dhaoine roimh an fharraige mhór. D’fhág cúpla teaghlach an t-oileán agus bhog siad amach go tír mór a chónaí sna tithe a thóg an Comhairle Contae ar an Fhál Carrach (Crois Bhealaí). Tháinig cúig theaghlach amach sna seachtóidí.
00:05:16
Bhí nós acu Rí Thoraí a bheith acu ar an oileán - Páidí Beag Ó hOireachtaigh.